Written answers
Thursday, 14 April 2011
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Meitheal Forbartha na Gaeltachta
5:00 pm
Dessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 19: To ask the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs an bhfuil sé i gceist aici fiosrúchán a dhéanamh maidir leis an aighneas atá ag dul ar aghaidh faoi láthair i Meitheal Forbartha na Gaeltachta. [7967/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Cuirtear cistíocht ar fáil ó mo Roinnse do Mheitheal Forbartha na Gaeltachta (MFG) d'fhonn raon seirbhísí a sheachadadh faoi Chlár Forbartha Áitiúil agus Pobail mo Roinne. Is buiséad measta de €1.82m atá ar fáil i mbliana do MFG don Chlár sin.
Is comhlacht neamhspleách é MFG, a bhfuil bord bainistíochta, agus meamraim agus airteagail chomhlachais, dá chuid féin aige. Is ar an mbord sin atá an fhreagracht maidir le maoirseacht chuí an chomhlachta. Sa chomhthéacs sin, ní miste don Teachta a nótáil nach bhfuil aon ról ag mo Roinnse i bhfeidhmíocht inmheánach na gcomhlachtaí forbartha áitiúla / páirtnéireachta agus, dá réir sin, nach bhfuil ról aici i ndáil le cúrsaí foirne – ar ceisteanna iad sin do bhoird na gcomhlachtaí mar fhostóirí.
Ní miste don Teachta a nótáil, áfach, go raibh cruinniú ann inné idir Pobal (a dhéanann bainistiú ar an gClár Forbartha Áitiúil agus Pobail thar ceann mo Roinne) agus MFG. Ag an gcruinniú sin, chuir Pobal in iúl don chomhlacht go bhfuil siad chun feidhmeannach neamhspleách a ainmniú le hoibriú le MFG agus le scrúdú a dhéanamh ar an mbealach ina fheidhmítear an Clár Forbartha Áitiúil agus Pobail. Beidh ar an bhfeidhmeannach tuairisciú ar ais laistigh de thrí mhí le moltaí maidir le seachadadh an Chláir ag MFG amach anseo.
No comments