Written answers

Tuesday, 12 April 2011

Department of Finance

Coistí Gairmoideachais

9:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 124: To ask the Aire Airgeadais, i bhfianaise an fhreagra ar cheist phairliminte Uibh. 106 cén t-ionchur a bhíonn ag Ranna Stáit agus eagraíochtaí eile leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i dtaobh sonrú cáilíochtaí do phoist faoina gcúram, le déanamh cinnte de go mbeidh na daoine a cheapfar cáilithe go sásúil do na poist atá ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7326/11]

Photo of Michael NoonanMichael Noonan (Limerick City, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá earcaíocht don Státseirbís Phoiblí agus do réimsí áirithe eile den tseirbhís phoiblí leathan faoi réir an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin) 2004. Faoin tAcht bunaíodh an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CCSP) agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP). Leagann an CCSP amach na caighdeáin a bhaineann le hearcaíocht daoine le haghaidh post sa Státseirbhís agus i gcomhlachtái áirithe eile sa tseirbhís phoiblí. Feidhmíonn an SCP mar an gcomhlacht lárnaithe earcaíochta, measúnaithe agus roghnaithe don Státseirbhís agus soláthraíonn sí a chomhionann de sheirbhís, nuair a iarrtar uirthi, do na húdaráis áitiúla agus do Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, do An Garda Síochána, don Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, HIQA agus do chomhlachtaí áirithe eile sa tseirbhís phoiblí. Foráiltear faoi Alt 58 (1) (a) den Acht go bhfuil an tAire Airgeadais freagrach as gach gnó a bhaineann le hearcaíocht sa státseirbhís. Cuimsítear anseo gnóthaí a bhaineann le critéir incháilitheachta, líon foirne, grádú, pá agus toscaí oibre eile go léir i leith státseirbíseach. I gcomhthéacs na hearcaíochta de, tá an an fhreagracht ar an Aire Airgeadais freisin maidir le húsáid nó cumas Gaeilge sa státseirbhís.

Foráiltear faoi Alt 58(1) (b) i gcomhthéacs earcaíochta don tseirbhís phoiblí leathan, go bhfuil Airí difriúla freagrach as na gnóthaí seo, ar a bhfuil úsáid nó cumas Gaeilge, laistigh dá n-earnálacha freagrachta.

Baineann Allt 5 (d) den Acht le ceapacháin do phoist amhail Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin Coistí Gairmoideachais. Maidir le ceapacháin den sórt seo, is í feidhm an SCP na gnáthaimh go léir is gá a chomhlíonadh chun earcú, measúnú agus roghnú daoine le haghaidh ceapacháin a chur i gcrích. Tá ceapacháin mar Phríomh-Oifigigh Feidhmiúcháin do Choistí Gairmoideachais faoi réir an Acht Gairmoideachais 1930. Luaitear san Acht go bhfuil cáilíochtaí faoi réir formheasta ag an Aire Oideachais. Ní foláir nó go mbeidh cumas i nGaeilge agus i mBéarla araon ar iarrthóirí le haghaidh na bpost seo, mar a leagtar amach sna cáilíochtaí atá formheasta ag an Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.