Written answers
Tuesday, 5 April 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Forbairt Pobail
3:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 354: To ask the Minister for Community, Equality and Gaeltacht Affairs an raibh aon chomhráití aige leis an Aire Stáit atá freagrach as an gClár NewERA féachaint le hairgead riachtanach bunstruchtúir a fháil do na ceantair CLÁR, RAPID, Ghaeltachta agus Oileánda, agus má bhí, cén toradh a bhí ar na comhráití sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6854/11]
Frances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar is eol don Teachta, tá na feidhmeanna a ndéantar tagairt dóibh sa Cheist seo á n-aistriú go dtí Ranna eile i láthair na huaire, faoi réir fhógra an Taoisigh sa Teach seo ar 9 Márta 2011. Táthar ag súil go n-aistreofar na feidhmeanna sin chuig Ranna eile go luath agus glacaim leis go ndéanfar breithniú an uair sin ar an tsaincheist sin agus ar na saincheisteanna eile atáábhartha do na feidhmeanna sin.
No comments