Written answers
Tuesday, 5 April 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Tograí Caipitil
3:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 352: To ask the tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta [b] [/b]cén cead atá aige ón Roinn Airgeadais tograí caipitil a cheadú bunaithe ar allúntas na bliana agus céatadán den allúntas seo do na blianta atá le teacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6690/11]
Frances Fitzgerald (Dublin Mid West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Is é€86 milliún leithdháileadh caipitil na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta don bhliain 2011. Mar is eol don Teachta, ar bhonn athstruchtúrú na Ranna Rialtais a d'fhógair an Taoiseach an mhí seo caite, táthar chun deireadh a chur leis an Roinn sin agus a cuid feidhmeanna agus buiséid a aistriú chuig Ranna éagsúla eile. Dá réir sin, is faoin Roinn Airgeadais agus na Ranna sin a ndéanfar na feidhmeanna éagsúla a aistriú chucu a bheith sé teorainneacha ceadaithe an leithdháilte caipitil a bhreithniú don bhliain 2011 agus do na blianta dar gcionn.
No comments