Written answers

Tuesday, 29 March 2011

Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs

Údarás na Gaeltachta

10:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 194: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige airgead a chur ar fáil do Scéim na mBóithre Pobal i mbliana de bharr an luacha airgid atá ar fáil ón scéim; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5693/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, rinneadh ciorrú substaintiúil ar bhuiséad na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta don bhliain 2011. I gcomhthéacs an chiorraithe sin agus i bhfianaise na ngealltanas atá ar láimh, ní léir go mbeidh sé ar chumas mo Roinne-se deontais a cheadú i leith bóithre pobail sa Ghaeltacht sa ghearr-théarma.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 195: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist cead a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5691/11]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Question 196: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist na feidhmeanna fiontraíochta atá ag Údarás na Gaeltachta a fhágáil acu mar atá leagtha síos sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5692/11]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé ceisteanna 195 agus 196 le chéile.

Mar is eol don Teachta, tá molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbunófaí Údarás Gaeilge agus Gaeltachta (Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta ), a ghníomhódh ar bhonn náisiúnta agus a chomhlíonfadh feidhmeanna ábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasacha eile i láthair na huaire, de réir mar is cuí. Tá ráite sa Straitéis freisin go leagfar síos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha an Údaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht. Maidir le Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí tabhairt faoi sin go dtí go mbeadh na cinntí cuí tógtha maidir leis na cúrsaí seo uile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.