Written answers
Thursday, 24 March 2011
Department of Education and Skills
Ceapachán Múinteorí
5:00 pm
Pearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context
Question 49: To ask the Aire Oideachais agus Scoileanna maidir leis an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iar-bhunscoile, cé mhéad múinteoir nua-cheaptha a rinne an TGMI i mbliana; cé mhéad iarrthóir sna blianta 2007-2010, agus cé mhéad pas agus teip, a bhí ann; agus, sa chás nach n-éiríonn le hiarrthóir, an féidir ceapachán a dhéanamh, pé scéal, i scoileanna Gaeltachta, agus i scoileanna eile ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáthmheán teagaisc. [5648/11]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Is mian liom a chur in iúl don Teachta nach gcoinníonn an Roinni staitisticí/eolas ar féidir teacht orthu go héasca faoin líon múinteoirí a ceapadh agus cáilíocht TGMI acu. Níl múinteoirí i dteideal liúntas ar bith as cáilíocht den saghas sin a bheith ina seilbh.
Léiríonn an tábla thíos na torthaí a fuair múinteoirí a sheas an scrúdú don Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile ó 2007- 2010.
BLIAIN | IOMLÁN NA nIARRTHÓIRÍ | PAS | TEIP |
2007 | 83 | 67 | 16 |
2008 | 113 | 96 | 17 |
2009 | 65 | 62 | 3 |
2010 | 63 | 50 | 13 |
Éilítear an Teastas Gaeilge do Mhúinteoirí Iarbhunscoile chun an riachtanas Gaeilge a shásamh chun duine a cheapadh (a) mar mhúinteoir in Iarbhunscoil Gaeltachta (b) mar mhúinteoir in Iarbhunscoil inarb í an Ghaeilge an gnáthmheán teagaisc (i gcás ábhar seachas an Ghaeilge) nó (c) mar mhúinteoir a bheidh ag teagasc aon ábhair (seachas an Ghaeilge) trí mheán na Gaeilge in aon iarbhunscoil. Más rud é nach bhfuil an Teastas i seilbh an mhúinteora ar é/í a cheapadh ceaptar é/í faoi chonradh ar feadh bliana amháin agus bliain aige/aici chun an céanna a shealbhú. Mura shealbhaíonn ní mór an post a athfhógairt.
No comments