Written answers
Tuesday, 22 March 2011
Department of Education and Skills
Coistí Gairmoideachais
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 106: To ask the Aire Oideachais agus Scileanna cén polasaí atá ag an Roinn Oideachais lena chinntiú go mbeidh Gaeilge ag na príomhfheidhmeannaigh ar na coistí gairmoideachais a bheidh ar an nGaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5298/11]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context
Is mian liom a chur in iúl don Teachta gurb í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a leagann amach na cáilíochtaí atá riachtanach chun Príomhfheidhmeannach buan a cheapadh ar Choiste Gairmoideachais (CGO). I measc na gcáilíochtaí sin tá riachtanas go mbeadh Gaeilge agus Béarla araon ag iarrthóir. Cruthaítear go bhfuil Gaeilge ag iarrthóir trí bhéaltriail inniúlachta a chur ar an iarrthóir agus éilítear marc pas de 65% chun go mbeadh iarrthóir intofa dona c(h)eapadh. Tá feidhm ag an riachtanas seo i gcás ceapachán Príomhfheidhmeannach buan insna CGOanna go léir, ní insna CGOanna amháin sin a bhfuil Gaelcholáistí iontu nó insna CGOanna amháin a chuimsíonn ceantair Gaeltachta.
No comments