Written answers
Tuesday, 22 March 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Scéim na mBóithre Áise
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 373: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige Scéim na mBóithre Áise a athoscailt le go bhféadfaí leanacht leis an obair a bhí á déanamh ag an Rialtas deiridh maidir le bóthar ard-chaighdeáin a chur ar fáil chuig gach teach sa Ghaeltacht nach bhfuil faoi chúram na Comhairle Contae; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5385/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Mar atá curtha in iúl ag mo réamhtheachtaí agus é ag freagairt ceisteanna sa Teach seo níos túisce i mbliana, rinneadh ciorrú mór ar bhuiséad na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta don bhliain 2011.
I gcomhthéacs an chiorraithe sin agus i bhfianaise na ngealltanas atá ar láimh, ní léir dom go mbeidh ar chumas mo Roinne deontais a cheadú i leith bóithre áise sa Ghaeltacht sa ghearrthéarma.
No comments