Written answers
Tuesday, 22 March 2011
Department of Arts, Heritage and Gaeltacht Affairs
Deontais Ealaíona
9:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Question 371: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist deontas caipitil a cheadú le hathchóiriú a dhéanamh ar Thaibhdhearc na Gaillimhe agus le cur leis an tsuim airgid atá curtha ar fáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag an Taibhdhearc féin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5299/11]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Faoi mar is eol don Teachta, cuireadh in iúl do Thaibhdhearc na Gaillimhe anuraidh go raibh mo Roinnse sásta i bprionsabal deontas caipitil €300,000 a chur ar fáil le hathchóiriú a dhéanamh ar an dTaibhdhearc. Bhí feidhm le tairiscint mo Roinne go 31 Nollaig 2010 agus bhí an tairiscint ag brath ar choinníollacha áirithe a bheith comhlíonta ag an dTaibhdhearc faoin dáta sin.
Tuigfidh an Teachta go bhfuil an soláthar airgid atá ar fáil le haghaidh tograí caipitil faoi Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne an-teoranta i mbliana. É sin ráite, beidh mo Roinnse sásta breathnú ar na féidearthachtaí maidir le cúnamh áirithe a chur ar fáil don Taibhdhearc laistigh den soláthar teoranta sin.
No comments