Written answers
Tuesday, 25 January 2011
Department of Foreign Affairs and Trade
Deontais Reáchtála
8:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 490: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an t-allúntas iomlán ina Roinn i mbliana le haghaidh deontais reáchtála do Chomharchumainn Ghaeltachta agus cén uair a íocfar na deontais leis na Comharchumainn [3599/11]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá soláthar airgid reatha de €3.3m curtha ar fáil ag mo Roinnse d'Údarás na Gaeltachta i mbliana le caitheamh ar fhorbairt teanga, cultúir agus pobail. Is as an soláthar seo a íocann an tÚdarás na deontais reáchtála leis na comharchumainn Ghaeltachta.
Tuigim ón Údarás nach bhfuil soláthar críochnúil do na comharchumainn socraithe fós ach go mbeidh litreacha tairisceana agus comhaontuithe deontas i leith na ndeontas reáchtála seo á n-eisiúint chuig na comharchumainn chomh luath agus is féidir. Íocfar an chéad tráthchuid den deontas reáchtála le gach comharchumann chomh luath agus atá na comhaontuithe deontas sínithe agus faighte ar ais ag an Údarás, ach na riachtanais eile a bheith in ord. Íocfar na tráthchodanna eile leis na comharchumainn le linn na bliana.
No comments