Written answers
Tuesday, 14 December 2010
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Forbairt na Gaeilge
10:00 am
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 60: To ask the Aire Gnóthaà Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an bhfoclóir leictreonach Gaeilge/Béarla ag Foras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46057/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil dul chun cinn sásúil á dhéanamh maidir leis an bhfoclóir leictreonach Béarla-Gaeilge.
Is é an staid reatha ná go bhfuil Céim a hAon - céim na Pleanála agus an Deartha - curtha i gcrÃch cheana féin mar aon le cuid de Chéim a Dó. Baineann Céim a Dó le tiomsú an fhoclóra féin agus tá trà fhochéim i gceist, eadhon:
Céim 2(a), a bhaineann le cur le chéile bhunachar Béarla an fhoclóra i bhfoirm creataà iontrála - cuireadh an fhochéim sin i gcrÃch le gairid;
Céim 2(b), a bhaineann le taobh na Gaeilge den fhoclóir a sholáthar - cuireadh tús leis an bhfochéim seo i bhfómhar 2009 agus leanfaidh an obair ar aghaidh go ceann dhá bhliain; agus
Céim 2(c), céim na heagarthóireachta - cuirfear tús leis an bhfochéim sin ag tús 2011 agus meastar go leanfaidh an obair ar aghaidh go dtà an trÃú ráithe den bhliain 2012.
Ach Céim a Dó a bheith curtha i gcrÃch, leanfar ar aghaidh ansin go dtà Céim a TrÃ, a bhaineann le táirgeadh an fhoclóra féin. Cheana féin, tá ráitis spéise iarrtha maidir leis an sonrú teicniúil ar an leagan leictreonach den fhoclóir. Mar sin, comhairlÃtear dom go bhfuiltear ag súil leis an leagan crÃochnúil den fhoclóir a fhoilsiú i bhfoirm chlóite agus leictreonach ag deireadh na bliana 2012. Tá cur sÃos cuimsitheach ar an tionscadal iomlán le fáil ar an suÃomh gréasáin, www.focloir.ie . Déantar nuashonrú rialta ar an suÃomh sin agus, dá réir sin, bÃonn teacht ag an bpobal ar an eolas is déanaà faoin tionscadal agus is féidir féachaint ar fhÃorábhar an fhoclóra agus é á chur le chéile.
Is fiú dom a threisiú chomh maith go mbeidh mórchuid den obair a bhaineann leis an dtionscadal seo ina dúshraith luachmhar amach anseo le haghaidh tionscadail eile foclóireachta a bhfuil gá leo â foclóir nua Gaeilge-Béarla ach go háirithe.
No comments