Written answers

Tuesday, 14 December 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Forbairt na Gaeilge

10:00 am

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 60: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an bhfoclóir leictreonach Gaeilge/Béarla ag Foras na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46057/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil dul chun cinn sásúil á dhéanamh maidir leis an bhfoclóir leictreonach Béarla-Gaeilge.

Is é an staid reatha ná go bhfuil Céim a hAon - céim na Pleanála agus an Deartha - curtha i gcrích cheana féin mar aon le cuid de Chéim a Dó. Baineann Céim a Dó le tiomsú an fhoclóra féin agus tá trí fhochéim i gceist, eadhon:

Céim 2(a), a bhaineann le cur le chéile bhunachar Béarla an fhoclóra i bhfoirm creataí iontrála - cuireadh an fhochéim sin i gcrích le gairid;

Céim 2(b), a bhaineann le taobh na Gaeilge den fhoclóir a sholáthar - cuireadh tús leis an bhfochéim seo i bhfómhar 2009 agus leanfaidh an obair ar aghaidh go ceann dhá bhliain; agus

Céim 2(c), céim na heagarthóireachta - cuirfear tús leis an bhfochéim sin ag tús 2011 agus meastar go leanfaidh an obair ar aghaidh go dtí an tríú ráithe den bhliain 2012.

Ach Céim a Dó a bheith curtha i gcrích, leanfar ar aghaidh ansin go dtí Céim a Trí, a bhaineann le táirgeadh an fhoclóra féin. Cheana féin, tá ráitis spéise iarrtha maidir leis an sonrú teicniúil ar an leagan leictreonach den fhoclóir. Mar sin, comhairlítear dom go bhfuiltear ag súil leis an leagan críochnúil den fhoclóir a fhoilsiú i bhfoirm chlóite agus leictreonach ag deireadh na bliana 2012. Tá cur síos cuimsitheach ar an tionscadal iomlán le fáil ar an suíomh gréasáin, www.focloir.ie . Déantar nuashonrú rialta ar an suíomh sin agus, dá réir sin, bíonn teacht ag an bpobal ar an eolas is déanaí faoin tionscadal agus is féidir féachaint ar fhíorábhar an fhoclóra agus é á chur le chéile.

Is fiú dom a threisiú chomh maith go mbeidh mórchuid den obair a bhaineann leis an dtionscadal seo ina dúshraith luachmhar amach anseo le haghaidh tionscadail eile foclóireachta a bhfuil gá leo – foclóir nua Gaeilge-Béarla ach go háirithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.