Written answers

Thursday, 11 November 2010

Department of Foreign Affairs

Údarás na Gaeltachta

6:00 pm

Photo of Arthur MorganArthur Morgan (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 309: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cad iad na foirgnimh agus na tailte i nDún na nGall a chuir Údarás na Gaeltachta ar an mhargadh lena ndíol ó 2006 i leith; cad iad na cinn a díoladh agus cén praghas a fuarthas agus cad atá beartaithe a dhéanamh anois leis na cinn nár díoladh. [42320/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Léirítear sa tábla thíos na sonraí atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta maidir leis an mhaoin atá díolta ag an eagraíocht i gCo Dhún na nGall ó 2006 i leith. Tuigtear dom ón Údarás go bhfuarthas luacháil neamhspleách i ndáil le gach idirbheart maoine atá luaite sa tábla.

Comhairlítear dom nár cuireadh aon díolachán maoine i gCo Dhún na nGall i gcrích i 2010 go dáta, cé go dtuigtear óÚdarás na Gaeltachta go bhfuil cúpla cás idir lámha a d'fhéadfadh a bheith curtha i gcrích roimh dheireadh na bliana.

Tuigtear dom chomh maith ón Údarás go raibh dhá phíosa talaimh eile fógartha le díol ar an margadh oscailte ó 2008 i leith ach nár díoladh iad de bharr go raibh na tairiscintí a bhfuarthas ró-íseal. Is i mBaile na Finne (talamh portaigh 9.6 acra) agus i ngaireacht do Na Gleanntaí (suíomh 4 acra) atá na suíomhanna seo. Tá sé curtha in iúl ag an Údarás go bhfuil sé i gceist na suíomhanna atá i gceist a choinneáil faoi láthair agus, mar an gcéanna le maoin eile na heagraíochta, go ndéanfar athbhreithniú go tráthrialta ar na féidearthachtaí a bhaineann leo.

Díol Maoine de chuid Údarás na Gaeltachta i gCo Dhún na nGall 2006-10

BliainSonraíPraghas€
2006Monarcha, Cill Chárthaigh350,000
Monarcha, Páirc Gnó Ghaoth Dobhair101,579
2007Suíomh, Páirc Gnó Ghaoth Dobhair110,000
Monarcha, An Clochán Liath400,000
2008Monarcha, Páirc Gnó Ghaoth Dobhair1,022,026
2009Talamh (1 acra), Árainn Mhór55,000
Talamh (0.6 acra), An Clochán Liath10,000
Talamh (1 acra), An Clochán Liath141,000
Monarcha, Páirc Gnó Ghaoth Dobhair610,000

Nóta: Díoladh na monarchana a luaitear le tionóntaithe a bhí sna foirgnimh cheana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.