Written answers

Thursday, 11 November 2010

6:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 110: To ask the Aire Airgeadais céard é an scéal is déanaí faoi Ghaeleagras; an mó cúrsa Gaeilge de chuid Ghaeleagrais atá curtha ar ceal; ós rud é gurb é Gaeleagras a chuir an córas aitheantais ar fáil do státseirbhísigh inniúla sa Ghaeilge a bhí ag iarraidh an incrimint bhreise a úsáid agus iad ag lorg ardú céime sa státseirbhís, cé chuirfidh an córas ar fáil anois; cathain a bheidh Gaeleagras ag déanamh a chuid oibre ina hiomláine arís, nó an mbeidh iarratais ar thairiscintí á lorg ag an Roinn Airgeadais go príobháideach le ranganna Gaeilge a chur ar fáil mar a rinne Gaeleagras; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42175/10]

Photo of Brian Lenihan JnrBrian Lenihan Jnr (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Toisc go ndeachaigh Oifigeach lán aimseartha amháin amach ar scor le déanaí, maraon le lion áirithe Oifigeach páirt aimseartha, ba ghá líon de na Cúrsaí Gaeilge a bhí fógraithe, a chur ar ceal. 69mac léinn a bhi thíos leis. Tá iniúchadh á dhéanamh ag mo Roinnse i láthair na huaire ar staid foirne Ghaeleagrais i bhfianaise na scor seo. D'fhonn teacht leis na srianta maidir le folúntais a líonadh, cuirfear san áireamh san iniúchadh, na feidearthactaí a bhaineann le hath-imlonnú ó ionaid eile sa státseirbhís. Braithfidh athsceidiliú na gCúrsaí atá curtha ar athló ar thoradh an phróisis seo. Tá na Trialacha Inniúlachta, do státseirbhísigh ag leanúint ar aghaidh: cuirfear seisear déag is trí fichid (76) faoi scrudú ar 24 Samhain 2010.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.