Written answers

Wednesday, 10 November 2010

Department of Finance

Forbairt na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 63: To ask the Aire Airgeadais an bhfuil Gaeleagras – an eagraíocht oiliúna don státseirbhís faoi choimirce na Roinne Airgeadais – fós ag feidhmiú ina hiomláine; an bhfuil ranganna Gaeilge fós á soláthar ag Gaeleagras do státseirbhísigh gur mian leo ranganna a dhéanamh; an bhfuil scrúduithe Gaeilge fós á reáchtáil ag Gaeleagras do státseirbhísigh gur mian leo scrúdú cáilithe Gaeilge a dhéanamh; ar cuireadh aon rang a bhí beartaithe ag Gaeleagras a reáchtáil ar ceal ón 01 Meán Fómhair 2010 ar aghaidh, agus más rud é gur cuireadh, cén socruithe atá ann leis an rang nó leis na ranganna sin a chur ar siúl arís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41531/10]

Photo of Brian Lenihan JnrBrian Lenihan Jnr (Dublin West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is féidir liom déimhniú don Teachta go bhfuil Gaeleagras, a fheidhmíonn lastigh de Lárionad Oiliúna agus Forbartha na Státseirbhíse i mo Roinnse, fós ag feidhmiú. B'éigin méid áirithe cúrsaí a bhí fógraithe a chur ar athló, toisc go ndeachaigh oifigeach lán aimseartha amháin amach ar scor, comh maith le líon áirithe oifigeach páirt aimseartha. Déimhním, áfach, go rachaidh na trialacha Inniúlachta Gaeilge a bhí fógraithe don 24 Samhain 2010 ar aghaidh, agus is féidir a rá go bhfuil iarratais faighte ó 76 Oifigeach.

Tá scrúdú á dhéanamh ag mo Roinnse i láthair na huaire ar staid foirne Ghaeleagrais de bharr na scor seo, agus ar chúrsaí eagrúcháin dá réir. Mar is eol don Teachta, ag teacht leis na srianta a bhaineann le folúntais a líonadh, cuirfear san áireamh na féidearthachtaí maidir le hath-imlonnú, ó áiteacha eile sa Státseirbhís. Braithfidh athsceidealú na gcúrsaí a cuireadh ar athló, ar thoradh an phróisis seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.