Written answers

Tuesday, 9 November 2010

Department of Education and Science

Aitheantas Scoile

9:00 am

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 95: To ask the Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna sa chomhthéacs gur osclaíodh bunscoileanna nua san Uaimh, Co. na Mí, sa Nás, Co. Chill Dara, agus i mBaile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath, ar an chéad lá den scoilbhliain acadúil i mbliana (an 30 Lúnasa 2010), cé mhéad spáis a bhí ar fáil sna scoileanna eile ar na bailte céanna; an raibh gá le scoileanna nua a oscailt sna bailte sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [41084/10]

Photo of Mary CoughlanMary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a chuir me in iúl cheana don Teach seo, tá an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna faoi láthair ag athbhreithniú na nósanna imeachta do bhunscoileanna nua a bhunú.

Nuair a d'fhógair an tAire a chuaigh romham go raibh an t-athbhreithniú ag tosnú, dúirt sé nach mbunófaí bunscoil nua ar bith go dtí go mbeadh an t-athbhreithniú curtha i gcrích ach amháin i gcásanna ina raibh gá le scoileanna nua de bharr deimeagrafaice méadaithe.

Tar éis na hanailíse mionsonraithe, agus tar éis dul i gcomhairle le comhlachtaí pátrúnachta i rith 2009, b'fhacthas do mo Roinnse gur den chríonnacht é pleanáil a dhéanamh do bhunscoileanna nua sna limistéir dá dtagraíonn an Teachta, a thosnódh ag obair i Meán Fómhair 2010, chun freastal ar an éileamh méadaithe sna limistéir sin.

Roimh Meán Fómhair 2010 bhí dhá Phobalscoil Náisiúnta i mBaile Átha Cliath ag obair mar chuid den chéim phíolótach den tsamhail nua Pobalscoile Náisiúnta. Ag fógairt rollaithe amach na samhaile píolótaí seo go dtí Baile Brigín, An Uaimh agus An Nás dúirt an tAire a chuaigh romham, an tAire O'Keeffe, go raibh sé ag cuimhneamh ar an mbeartas a bhí luaite aige an tsamhail phíolótach Pobalscoile Náisiúnta a leathnú i 2010. D'fhonn an tsamhail a mheasúnú go hiomlán i suíomhanna éagsúla, bhí an tAire tiomanta, mar aidhm pholasaí, don tsamhail phíolótach Pobalscoile Náisiúnta a leathnú go dtí roinnt suíomhanna nua i 2010. Trí líon teoranta scoileanna breise a chur leis na scoileanna píolótacha, cuirfear leis an deis a bheidh ann chun ceisteanna féideartha praiticiúla a shainaithint agus réitigh nua a thriail, agus leis an gcumas chun cinntí dea-chomhairlithe a dhéanamh faoi rollú amach eile na samhaile nua pátrúnachta i suíomhanna eile amach anseo. Cruthófar deis chun an tsamhail a mheasúnú i suíomhanna éagsúla roimh do mo Roinnse cinntí a dhéanamh faoi rollú amach eile a dhéanamh uirthi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.