Written answers

Tuesday, 2 November 2010

Department of Education and Science

Aitheantas Scoileanna

9:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 156: To ask the Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna an raibh coiste bunaithe i bhfeidhm san Uaimh, Co. na Mí, chun bunscoil a bhunú faoi phátrúnacht an Choiste Ghairmoideachais i mbliana; más rud é go raibh, ag cén céim den phróiseas ag lorg aitheantais don scoil a bunaíodh an coiste bunaithe; ar chomhlíon an ceantar na riachtanais dhéimeagrafacha chun scoileanna nua a bhunú; an raibh gá leis an scoil; an ndearna pobal an cheantair iarratas ar scoil nua; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40284/10]

Photo of Mary CoughlanMary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar is eol don Teachta, b'fhéidir, tá athbhreithniú ar siúl ag an gCoimisiún um Chóiríocht Scoile i láthair na huaire ar na nósanna imeachta um bunú scoileanna nua. Táim ag súil le tuarascáil an Choimisiúin go luath agus nuair a bheidh sé agam breithneoidh mé cúrsaí beartais agus na socruithe riachtanacha mar aon le haon nósanna imeachta leasaithe a bheidh riachtanach. Fad atá an t-athbhreithniú ar siúl níl i gceist aon bhunscoileanna nua a bhunú ach i gcásanna ina bhfuil gá le scoileanna nua de bharr ardú daonra. Ciallaíonn sin nach mbunófar aon bunscoileanna nua ar aon chúis seachas méadú daonra.

Ní heol don Roinn seo an raibh coiste ar bun san Uaimh chun bunscoil a bhunú faoi phátrúnacht Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí. Fós féin, agus bunaithe ar fhaisnéis déimeagrafach, cinneadh scoil nua a oscailt san Uaimh le haghaidh Meán Fómhair 2010. Roimhe sin bhí dhá cheann de bhunscoileanna pobail i mBaile Átha Cliath i dtreoirscéim de shamhail nua na Bunscoile Pobail. Agus leathnú na treoirscéime seo chuig Baile Brigín, an Uaimh agus Nás á fhógairt ag mo réamhtheachtaí, an tAire O'Keeffe, dúirt sé go raibh sé aireach ar an ráiteas beartais a bhí déanta aige chun samhail na Bunscoile Pobail a leathnú sa bhliain 2010. Chun an tsamhail a mheas i suíomhanna difriúla, gheall an tAire go leathnófaí samhail na Bunscoile Pobail chuig suíomhanna nua, mar aidhm bheartais, sa bhliain 2010. Trí líon teoranta bunscoileanna eile a áireamh sa treoirscéim, beidh sé níos fusa fadhbanna praiticiúla a shainaithint agus réitigh nua a thriail. Beidh ar ár gcumas ansin an tsamhail nua pátrúnachta seo a mheas i suíomhanna difriúla sula ndéanfar cinneadh eolasach ar cheart a leathnú tuilleadh sa todhchaí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.