Written answers

Wednesday, 27 October 2010

Department of Foreign Affairs

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

8:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 567: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén ról a bheidh ag a Roinn maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh [32350/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol do na Teachtaí, tá an dréacht-Straitéis 20 bliain don Ghaeilge foilsithe ag an Rialtas ó dheireadh 2009 agus cuireadh os comhair an Chomhchoiste Oireachtais do Ghnóthaí Turasóireachta Cultúir, Spóirt, Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta í le breithniú. Tuigtear dom go raibh cruinnithe éagsúla ag an gComhchoiste le páirtithe leasmhara níos luaithe i mbliana agus d'aontaigh an Comhchoiste ar aighneacht le 39 moladh inti. Fuarthas moltaí an Chomhchoiste ar 28 Iúil 2010 agus táthar á mbreithniú ag mo Roinnse i gcomhair le Ranna ábhartha eile. Táthar ag siúl leis an obair seo a thabhairt chun críche go luath.

Ach é sin a bheith déanta, tá súil agam go mbeifear in ann cruinniú den Choiste Rialtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a thionól ar 17 Samhain 2010 ar mhaithe leis an dréacht dheiridh den Straitéis a scrúdú agus, ina dhiaidh sin, í a thabhairt os comhair an Rialtais le ceadú.

Mar is eol don Teachta, tá moltaí éagsúla maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht - a mbeadh impleachtaí acu do róil mo Roinne-se agus Údarás na Gaeltachta amach anseo – curtha san áireamh sa dréacht-Straitéis. Feictear dom go mbeidh ról ceannasaíochta ag mo Roinnse i bhfeidhmiú na Straitéise amach anseo ach, go dtí go mbeidh an leagan deireannach den Straitéis aontaithe agus foilsithe, ní léir dom go mbeadh sé cuí bheith níos sonraí faoin gceist ag an bpointe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.