Written answers
Wednesday, 27 October 2010
Department of Agriculture and Food
Scéim Torthaí
8:00 pm
Trevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Question 534: To ask the Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia cad é an dul chun cinn atá déanta in Éirinn maidir leis an scéim €90 milliún ón Aontas Eorpach lena spreagtar leanaí scoile chun bia úr, go mór mór glasraí agus torthaí, a ithe de bharr go bhfuil timpeall 22 mhilliún leanbh san AE ró-throm de réir tuairiscí. [39083/10]
Brendan Smith (Cavan-Monaghan, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cuireadh tús le Scéim Torthaí sna Scoileanna an AE i Meán Fómhair 2009. Reáchtáiltear an scéim i gcomhar leis an Scéim 'Food Dude' in Éirinn. Tá an-rath ar an scéim sin atá á feidhmiú ag Bord Bia thar ceann mo Roinne ar mhaithe le tuairimí a athrú agus páistí bunscoile a spreagadh chun níos mó torthaí agus glasraí a ithe.
Sa scoilbhliain 2009/2010, ghlac 386 bunscoil agus 54,567 dalta páirt sa Scéim Torthaí sna Scoileanna/Food Dude agus fuarthas maoiniú €475,422.65 ón AE agus €2 milliún ó mo Roinn. Léiríodh i suirbhé neamhspleách inar ghlac tuismitheoirí agus múinteoirí páirt go raibh an-mheas ag tuismitheoirí, ag múinteoirí agus ag daltaí ar an scéim.
Sainaithníodh Food Dude i dTuarascáil an Tascfhórsa um Otracht mar chur chuige ar bhonn fianaise chun dul i ngleic leis an otracht.
No comments