Written answers

Wednesday, 27 October 2010

Department of Social and Family Affairs

Money Advice and Budgeting Service

8:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 400: To ask the Aire Coimirce Sóisialaí an bhfuil iarratas faighte ag a Roinn ó eagras (sonraí tugtha) ar dheontas faoi scéim CSP agus an bhfuil cinneadh déanta an deontas a cheadú [38761/10]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Formheasadh an eagraíocht dá dtagraíonn an Teachta le haghaidh maoiniú ón gClár Seirbhísí Pobail i mí na Bealtaine 2010. Éagfaidh an conradh ag deireadh mhí na Nollag 2010 ar aon dul le gach conradh eile faoin gClár sin. Tá tograí á mbreithniú agam i láthair na huaire chun síneadh a chur le conarthaí na n-eagraíochtaí sin a sholáthraíonn seirbhísí faoin gClár Seirbhísí Pobail. Tá an eagraíocht i gceist san áireamh sa phróiseas sin. Tairgfear conradh trí bliana don eagraíocht sin ó Eanáir 2011, faoi réir maoiniú leordhóthanach a bheith curtha ar fáil. Tá súil agam go mbeidh ar mo chumas toradh an phróisis seo a chur in iúl don eagraíocht sna seachtainí romhainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.