Written answers
Tuesday, 19 October 2010
Department of Education and Science
An Teanga Gaeilge
9:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 149: To ask the Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna i bhfianaise an dualgais reachtúil atá ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (faoi Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú) 2006), 'a chinntiú go mbeidh oideachas á sholáthar trí mheán na Gaeilge', agus atá i measc na bpríomhaidhmeanna a bheidh leagtha amach i bPlean Straitéise na hOllscoile, céard iad na socruithe atá déanta ag an Aire chun maoiniú a dhéanamh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ar straitéis Ollscoil na hÉireann, Gaillimh d'fhorbairt na hOllscolaíochta Gaeilge [37364/10]
Mary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i 2004, chun tacaíocht níos dírithe agus níos straitéisí a thabhairt d'fhorbairt inbhuanaithe na gcúrsaí trí Ghaeilge, do ghníomhaíocht taighde agus do sheirbhísí eile. Maraon le cláir tríú leibhéal a chur ar fáil, soláthraíonn an tAcadamh chomh maith, insna hIonaid Gaeltachta aige, seirbhísí forbraíochta agus tacaíochta eile ar mhaithe le cothabháil pobal Gaeltachta, ina measc siúd sealbhú teanga agus cláir eile. Faigheann an tAcadamh maoiniú faoi láthair tríd an Údarás um Ardoideachas agus OE Gaillimh, maraon le maoiniúón Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus óÚdarás na Gaeltachta.
Tá mo Roinnse agus an tÚdarás um Ardoideachas i mbun pléanna le OE Gaillimh chun próiseas a chomhaontú trínar féidir tacú i gcónaí le gníomhaíochtaí an Acadaimh. Tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta araon i mbun pléanna den saghas céanna freisin i bhfianaise an róil tábhachtaigh a imríonn an tAcadamh ina gcuid straitéisí féin i leith forbartha sóisialta, geilleagraí, cultúrtha agus teangeolaíochta na Gaeltachta. I ngeall ar na costais shuntasacha atá i gceist, tuigfidh tú gur gnó iad na socruithe maoinithe a theastaíonn chun tacú le hobair an Acadaimh, ní do mo Roinnse agus don Údarás um Ardoideachas amháin, ach gur gnó don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta chomh maith iad i bhfianaise na forbartha agus na tacaíochta leithne a thugann an tAcadamh i leith na Gaeilge.
No comments