Written answers
Tuesday, 19 October 2010
Department of Environment, Heritage and Local Government
Córas Úisce Poiblí
9:00 am
Jack Wall (Kildare South, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 96: To ask the Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil cén cabhair a thabharfaidh sé chun córas ceart uisce poiblí a chur in áit in Árann Mór, Contae na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28737/10]
John Gormley (Dublin South East, Green Party)
Link to this: Individually | In context
Faoin Chlár Infheistíochta Séarachais 2010 – 2012, a bhfuil cóip de le fáil i Leabharlann an Oireachtais, tá forbairt beartaithe ar raon cuimsitheach de bhonneagar seirbhísí uisce nua i gContae na Gaillimhe. Tá Scéim Sholáthair Uisce Inis Mhóir - Uasghrádú an Ghléasra Chóireála san áireamh sa Chlár, i measc an liosta conarthaí sa chontae atá le tosú sa tréimhse 2010 - 2012.
Cheadaigh mo Roinn maoiniú de €493,392 i mí Márta seo chaite le haghaidh uasghrádú an ghléasra chóireála ar Inis Mór. Tuigim gur shínigh Comhairle Chontae na Gaillimhe an conradh le haghaidh uasghrádú an ghléasra chóireála agus gur dócha go mbeidh tús leis an obair seo go luath san athbhliain. Tá tuilleadh eolais faoin dul chun cinn leis an gconradh seo le fáil ón Chomhairle.
No comments