Written answers

Wednesday, 13 October 2010

Department of Foreign Affairs

Cruthú Fostaíochta

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 266: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil aon phlean ina roinn le fostaíocht a chur ar fáil ar na hOileáin Ghaeltachta i nDún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36580/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, bíonn iarrachtaí leanúnacha ar siúl ag Údarás na Gaeltachta chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta, na hoileáin Ghaeltachta i nDún na nGall ina measc.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go gcuirtear béim láidir ar fhiontraíocht a spreagadh ar na hoileáin agus go gcuirtear gach tacaíocht ar fáil faoi scéimeanna an Údaráis chun cuidiú le gnóthais oileánacha a bhunú. Ar ndóigh, mar gheall ar an aeráid eacnamaíochta ghinearálta atá ann faoi láthair, is dúshlán an-mhór é infheistíocht phríobháideach a mhealladh go dtí na hoileáin.

Ag deireadh na bliana 2009, tuigtear dom go raibh:

30 duine fostaithe (idir phoist lán-aimseartha agus pháirt-aimseartha) i ngnóthaí a fuair cúnamh ón Údarás ar Oileán Árainn Mhóir; agus

24 duine san iomlán fostaithe (idir phoist lán-aimseartha agus pháirt-aimseartha) ar Oileán Thoraigh.

Is iad na comharchumainn is mó a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha don phobal ar na hoileáin agus cuireann an tÚdarás deontais reachtála bhliantúla ar fáil dóibh, bunaithe ar phleananna aontaithe. Cuidíonn gníomhaíochtaí na gcomharchumann le fostaíocht a chur chun cinn ar na hoileáin in earnálacha ar nós acmhainní mara, an turasóireacht, seirbhísí áitiúla agus cúrsaí cultúir agus teanga. Chomh maith leis sin, tá an tÚdarás ag comhoibriú le heagrais Stáit eile le scothseirbhísí, as a n-eascraíonn deiseanna fostaíochta, a sholáthar ar na hoileáin.

Anuas ar an obair atá ar bun ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chruthú, tá suim de €4.64m ceadaithe ag mo Roinnse do Chomhar na nOileán Teo chun an Clár Forbartha Tuaithe 2007-13 a riaradh agus tá béim ar leith curtha ar thacaíochtaí do mhionfhiontair sa chlár áirithe sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.