Written answers
Wednesday, 13 October 2010
Department of Foreign Affairs
Soilse Poiblí
9:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 264: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil iarratas faighte ag a roinn le haghaidh soilse poiblí ar Oileán Ghabhla; an mó solas atá i gceist, an costas measta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36578/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá iarratas faighte ag mo Roinn ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall chun deontas a cheadú le dhá sholas poiblí a chur ar fáil ar ché Phort an Chrainn agus trí sholas poiblí ar Ché Thrá na mBlátháin ar Oileán Ghabhla, ar chostas iomlán €17,500. Tuigfidh an Teachta nach bhfuil sé ar chumas mo Roinne an t-iarratas seo a cheadú i bhfianaise na srianta a chaithfear a choimeád ar chaiteachas faoi láthair agus tosaíochtaí eile gur gá freastal orthu.
No comments