Written answers

Thursday, 1 July 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Lárionad Náisiúnta Gaeilge

10:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 47: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an aontaíonn sé gur fiú d'Éirinn Lárionad Náisiúnta Gaeilge a bhunú i gcroílár na príomhchathrach mar cheiliúradh, ní hamháin ar chéad bliain ón Éirí Amach, ach i gcomhthéacs Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais agus ról lárnach bhaill Chonradh na Gaeilge in Éirí Amach 1916; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20433/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá tagairt ar leith déanta sa dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge maidir le forbairt a dhéanamh ar ionad nó spás Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Faoi mar is eol don Teachta, tá an dréacht-Straitéis foilsithe ag an Rialtas agus bhí sí os comhair an Chomhchoiste Oireachtais do Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le tamall anuas le breithniú. Tuigtear dom go mbeidh tuairisc an Chomhchoiste ar fáil go luath agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas brú ar aghaidh ansin le cead an Rialtais a lorg chun an Straitéis a fhoilsiú. Mar a thuigfidh an Teachta, go dtí go mbeidh an próiseas sin críochnaithe, tá sé deacar amscála cinnte a lua ach bheinn dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach bainte amach faoi Mheán Fómhair seo chugainn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.