Written answers

Thursday, 1 July 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Eagraíochtaí Bunmhaoinithe Ghaeilge

10:00 pm

Photo of Jack WallJack Wall (Kildare South, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 44: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an mbeidh maoiniú ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Ghaeilge ón 30ú lá de Mheitheamh 2010; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28735/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil oifigigh de chuid mo Roinne i dteagmháil rialta le Foras na Gaeilge maidir leis an bpróiseas tábhachtach ata idir lámha chun athchumrú a dhéanamh ar bhunmhaoiniú na hearnála deonaí Gaeilge d'fhonn sochair shuntasacha a bhaint amach i dtaca le seachadadh seirbhísí agus luach ar airgead.

Tuigim go bhfuil dul chun cinn fiúntach déanta maidir le comhaontú ar an gcur chuige nua faoi réir chinntí na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i mí na Nollag 2009 agus i mBealtaine 2010. Sa chomhthéacs sin - cé go bhfuil tuilleadh obair shonraithe le déanamh idir na Ranna, Thuaidh agus Theas, agus Foras na Gaeilge, chomh maith leis an bpróiseas leanúnach comhairliúcháin agus feidhmiúcháin atá riachtanach leis an earnáil féin - tá sé socraithe go gcuirfear maoiniú eatramhach ar fáil do na heagrais bhunmhaoinithe reatha go dtí deireadh Nollag 2010. Tógfar cinneadh úr roimh an dáta sin, más gá, maidir le tuilleadh maoinithe eatramhaigh i bhfianaise an dul chun cinn idir seo agus sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.