Written answers
Thursday, 1 July 2010
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Údarás na Gaeilge
10:00 pm
Michael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 30: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cathain a bheidh an reachtaíocht maidir le hÚdarás na Gaeilge ar fáil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28736/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Déanfar aon athruithe a bheidh le déanamh ar chumhachtaí agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta a mheas i gcomhthéacs an dréacht-Stráitéis 20-bliain don Ghaeilge a foilsíodh le déanaí.
Faoi mar is eol don Teachta, tá an dréacht-Straitéis foilsithe ag an Rialtas agus bhí sí os comhair an Chomhchoiste Oireachtais do Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le tamall anuas le breithniú. Tuigtear dom go mbeidh tuairisc an Chomhchoiste ar fáil go luath agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas brú ar aghaidh ansin le cead an Rialtais a lorg chun an Straitéis a fhoilsiú. Mar a thuigfidh an Teachta, go dtí go mbeidh an próiseas sin críochnaithe, ní féidir liom ag an bpointe seo amscála cruinn a thabhairt maidir le Bille nua a thabhairt os chomhair an Tí.
Ach an Straitéis a bheith foilsithe, beifear ábalta ina dhiaidh sin díriú isteach ar an bpróiseas maidir le reachtaíocht an Údaráis a leasú.
No comments