Written answers
Thursday, 1 July 2010
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge
10:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 18: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén clár ama atá aige i leith na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28734/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Faoi mar is eol don Teachta, tá an dréacht-Straitéis foilsithe ag an Rialtas agus bhí sí os comhair an Chomhchoiste Oireachtais do Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le tamall anuas le breithniú. Tuigtear dom go mbeidh tuairisc an Chomhchoiste ar fáil go luath agus tá súil agam go mbeidh ar mo chumas brú ar aghaidh ansin le cead an Rialtais a lorg chun an Straitéis a fhoilsiú. Mar a thuigfidh an Teachta, go dtí go mbeidh an próiseas sin críochnaithe, tá sé deacar amscála cinnte a lua ach bheinn dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach bainte amach faoi Mheán Fómhair seo chugainn.
No comments