Written answers

Wednesday, 30 June 2010

Department of Foreign Affairs

Úsáid na Gaeilge

9:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 215: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cad tá á dhéanamh lena chinntiú go mbíonn Gardaí, dlíodóirí agus breithiúna, dochtúirí, altraí, fiaclóirí, agus soláthróirí seirbhísí stáit eile le Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht, lena n-áirítear sna scoileanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28555/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I dtús báire, ní miste dom a rá go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta go dtí seo maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ar bhonn chéimiúil. Tugann na scéimeanna teanga atá mar chroílár an Achta deis do chomhlachtaí poiblí a gcuid tosaíochtaí a aithint agus a eagrú ó thaobh feabhas a chur ar a gcuid seirbhísí Gaeilge don phobal. Agus iad ag ullmhú dréacht-scéime, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú: go bhfuil líon leordhóthanach den fhoireann acu atá inniúil sa Ghaeilge; go bhfreastalaítear ar na riachtanais áirithe Gaeilge a bhaineann le seirbhísí a sholáthar i limistéir Ghaeltachta; agus go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ina gcuid oifigí sa Ghaeltacht tráth nach déanaí ná cibé dáta a chomhaontófar idir an comhlacht poiblí agus an tAire.

Tá 101 scéim teanga céaduaire, a chlúdaíonn 186 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe faoi alt 11 den Acht ó a tháinig an tAcht i bhfeidhm i 2003. Anuas ar sin, tá 30 céad scéim teanga céaduaire eile, a chlúdaíonn 35 comhlacht poiblí, á n-ullmhú. Ní miste dom a rá chomh maith go bhfuil 10 dara scéim teanga daingnithe faoi alt 15 den Acht go dtí seo agus go bhfuil fógra eisithe chuig 55 comhlacht eile faoi alt 15 den Acht ag ceangal orthu dréacht dara scéim teanga a ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú.

Is fiú a rá freisin go bhfuil molta sa dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge go sonróidh scéimeanna teanga amach anseo na poist in eagraíochtaí a mbeidh cumas sa Ghaeilge riachtanach dóibh.

Is dóigh liom go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas maidir le hacmhainní agus córais a fhorbairt a chuideoidh le comhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí Gaeilge a fheabhsú. I measc na nithe sin, áirítear: Córas chreidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge; Freagra - líne cabhrach don earnáil phoiblí; Áiseanna cuimhne aistriúcháin i nGaeilge don earnáil phoiblí; Ciste ar leith le haghaidh sainchúrsaí 3ú leibhéal trí Ghaeilge; agus Bunachar téarmaíochta náisiúnta don Ghaeilge, focal.ie.

Go ginearálta, ní miste a lua go bhfuil moltaí sonracha sa dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge le dul i ngleic le tuilleadh daoine gairmiúla le cumas sa Ghaeilge a oiliúint le seirbhísí poiblí a sholáthar i nGaeilge do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá molta go ndéanfar sin ach go háirithe trí leasaithe sa chóras oideachais, go speisialta ag an 3ú leibhéal. I measc na moltaí a bhaineann leis an réimse sin, airítear: go mbainfidh éagsúlacht leis an raon disciplíní a bheidh ar tairiscint agus go mbeidh fócas faoi leith ar riachtanais an mhargaidh do dhaoine a bheidh inniúil i nGaeilge; aschur de chéimithe a bheidh cáilithe go maith leis na scileanna sonracha a mbeidh gá leo le freastal ar stádas náisiúnta agus stádas AE na Gaeilge; agus cúrsaí agus creidiúnú i nGaeilge Ghairmiúil a fhorbairt don oiread gairmeacha agus is féidir.

Is fiú a lua chomh maith go bhfuil moltaí sonracha eile sa dréacht-Straitéis a chabhróidh go mór leis an gcuspóir chun seirbhísí poiblí a sholáthar i nGaeilge, eadhon: go mbunófar Ionad Náisiúnta d'Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí trí Mheán na Gaeilge in institiúid oideachais atá ann cheana féin; agus go gceapfaidh An Roinn Oideachais agus Scileanna agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comhshocruithe cuí le cur leis an gcóhort seirbhíseach poiblí atá in ann feidhmiú go dátheangach.

Mar fhocal scoir, ní miste a mhíniú nach bhfuil aon ról agamsa mar Aire maidir le ceapachán breitheamh agus nach bhfuil ceapacháin dá leithéid cuimsithe ag an Acht Teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.