Written answers

Thursday, 17 June 2010

Department of Defence

An Teanga Gaeilge

5:00 pm

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 199: To ask the Aire Cosanta an aontaíonn sé go mba chóir go mbeadh An Chéad Chath ar an Rinn Mhór i nGaillimh ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge arís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26062/10]

Photo of Tony KilleenTony Killeen (Clare, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Foilsíodh Acht na dTeangacha Oifigúla i 2003, agus thug sé, inter alia, spreagadh mór don Ghaeilge in Óglaigh na hÉireann. Ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh Óglaigh na hÉireann a bheartas i leith na dteangacha oifigiúla i Samhain 2004, áit a bhfuil béim leagtha ar 1 Cn Cois mar an bpríomhaonad laistigh d'Óglaigh na hÉireann ina dhéantar úsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

Deir na húdaráis Mhíleata dom gur gnách go ndéanann 1 Cn Cois earcú ó na ceantair Ghaeltachta de Bhriogáid an Iarthair, Conamara ach go háirithe, agus go coimeádtar an Ghaeilge beo san aonad dá bharr sin. Tuigeann gach comhalta pearsanra seirbheála an tábhacht a bhaineann leis an aonad ó thaobh tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Cosúil le haonaid eile in Óglaigh na hÉireann, freagraítear gutháin 1 Cn Cois as Gaeilge agus i gcás go mbíonn duine a ghlaonn ag iarraidh comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge, féadann 1 Cn Cois comhaltaí pearsanra a chur ar fáil chun é sin a dhéanamh. Nuair a thug mé cuairt ar an I Cn Cois le déanaí bhí áthas orm go raibh deis agam chomhrá tré Ghaeilge le chuid de na baill d Óglaigh na h-Éireann.

Ábhar bróid do 1 Cn Cois é go gcoimeádtar a stádas mar an bpríomhaonad do labhairt na Gaeilge laistigh d'Óglaigh na hÉireann agus déanfar gach iarracht, ar gach leibhéal, a chinntiú go dtabharfaidh daoine a fhreastalaíonn i 1 Cn Cois an-mheas ar ár dteanga dhúchais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.