Written answers

Tuesday, 15 June 2010

Department of Health and Children

Scéim Teanga Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

8:00 am

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 283: To ask the Aire Sláinte agus Leanaí i bhfianaise go bhfuil cigirí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag tabhairt cuairte ar naíonraí Gaeilge lasmuigh de limistéar Iarthair FSS faoi láthair agus gur as Béarla a labhraíonn formhór na gcigirí seo, in ainneoin pholasaí luath-thumoideachais iomláin an naíonra Gaeilge, an féidir leis an Aire a rá an mbeidh seirbhís Ghaeilge ar fáil sa teanga náisiúnta do na naíonraí Gaeilge ó chigirí FSS mar chuid de Scéim Teanga FSS; más rud é go mbeidh, cén staid ag a bhfuil an Scéim Teanga sin; an bhfuil tuar ag an Aire cén uair a bheidh Scéim Teanga FSS aontaithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [25534/10]

Photo of Barry AndrewsBarry Andrews (Dún Laoghaire, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil gníomh tionscail ar siúl i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi láthair is dá bhrí sin ní féidir leis an bhFeidhmeannacht an t-eolas atá á lorg a sholáthar.

Má tá an t-ábhar seo mar chúis imní duit ag dul ar aghaidh, áfach iarraim ort é a chur faoi mo bhráid arís ag uair éigin eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.