Written answers
Tuesday, 1 June 2010
Department of Education and Science
Scéimeanna Tógála Scoile
10:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 523: To ask the Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le scoil úr (sonraí tugtha); an bhfuil suíomh ceannaithe; an bhfuil cead pleanála faighte; agus cén staid ina bhfuil an tionscnamh faoi láthair. [23373/10]
Mary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil mo chuid oifigeach tar éis conarthaí a shíniú don suíomh i gceist. Beidh feidhm leis na conarthaí ar choinníoll go ndéanfar Cead deiridh Pleanála a dheonadh ar mo Roinnse. Tá mo Roinnse ag súil le hiarratas ar Chead Pleanála a chur faoi bhráid an Údaráis Áitiúil insna seachtainí seo chugainn.
Machnófar cur chun cinn na dtionscadal ar scála mór go léir, an tionscadal seo san áireamh, ó chéim an dearaidh tosaigh go dtí an tógáil san áireamh, i gcomhthéacs an chláir tógala agus nuachóirithe scoileanna. I bhfianaise an leibhéal éilimh ar bhuiséad caipitil na Roinne, áfach, ní féidir scála ama táscach do chur chun cinn an tionscadail a thabhairt ag an dtráth seo.
No comments