Written answers
Tuesday, 1 June 2010
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Íocaíochtaí Deontais
10:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 357: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ag a Roinn ar dheontas do thionscnamh (sonraí tugtha); cén dáta ar ar fuarthas an t-iarratas; an bhfuil an t-iarratas á mheas faoi láthair; agus cén uair a dhéanfar cinneadh ina leith. [23376/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá iarratas ag mo Roinn ar dheontas i leith an tionscadail atá luaite ag an Teachta ó mí Mhárta 2006. Is amhlaidh go raibh oifigigh de chiuid mo Roinne-se i gcumarsáid leis an iarratasóir faoi nithe éagsúla den tionscadal ó shin. Tar éis an t-iarratas a scrúdú, iarradh ar an iarratasóir athbhreithniú a dhéanamh ar scála na forbartha d'fhonn an costas a laghdú. Chomh maith leis sin, tá mo Roinn fós ag fanacht ar eolas eile ón gcoiste atá i gceist.
Ní miste a lua, áfach, nuair a cuirtear na cúinsí eacnamaíocha faoi láthair san áireamh, nach léir go bhféadfaí a bheith dóchasach go mbeidh ar chumas mo Roinne-se deontas a cheadú sa chás seo sa ghearr-thréimhse.
No comments