Written answers
Tuesday, 1 June 2010
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Calafoirt agus Céanna
10:00 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 355: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais cóirithe do chéibheanna Gaeltachta i nDún na nGall; cad iad na céibheanna atá i gceist; an bhfuil na hiarratais á meas faoi láthair; agus an mbeidh deontais á gceadú ina leith. [23374/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil roinnt iarratais ar láimh ag mo Roinnse le haghaidh deontais cóirithe do chéanna beaga i nDún na nGall, a bhfuil liosta díobh leagtha amach thíos.
Cé na nDúnaibh |
Cé Mhucróis |
Cé Theilinn |
Oileán an Bhráighe |
Ros na Gurra |
Cé Áith an Aoil |
Cé Fhánaide |
Loch Cionn Caslach |
Maramaolán |
Cé Rannaigh |
Tá na hiarratais seo á meas i láthair na huaire ach, i bhfianaise méid na ngealltanas ar láimh cheana féin agus na n-acmhainní teoranta atá ar fáil, ní léir dom go mbeidh ar chumas mo Roinne-se deontais a cheadú i leith na gcéanna seo sa ghearr-théarma.
No comments