Written answers

Tuesday, 18 May 2010

Department of Education and Science

An Ghaeilge san Ardteist

9:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 522: To ask the Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna cad é ainm agus seoladh gach meánscoile sa tír a bhfuil níos mó ná deich ndalta inti ag fáil díolúine ó staidéar na Gaeilge d'ardteist na bliana seo de bharr go bhfuil fadhb fhoghlama acu, agus an líon i ngach scoil a fuair díolúine. [20141/10]

Photo of Mary CoughlanMary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá fúm ceisteanna 522, 523 and 524 a thógáil le chéile.

Deonaítear díolúintíó staidéar na Gaeilge mar ábhar de réir forálacha Chiorclán M10/94, do mhic léinn mar seo a leanas: mic léinn a fuair a gcuid bunoideachais i dTuaisceart Éireann nó lasmuigh d'Éirinn suas go dtí aois a 11 bhliain mic léinn a bhí ar an rolla cheana mar mhic léinn aitheanta agus atáá gcur ar ais ar an rolla tar éis tréimhse a chaitheamh thar lear, ar chuntar go bhfuil 3 bliana ar a laghad caite ó bhí siad ar an rolla cheana sa Stát agus go bhfuil siad 11 bhliain d'aois ar a laghad ar athrollú dóibh, agus catagóiríáirithe mac léinn a bhfuil míchumas foghlama orthu. Déabhlóideann an scéim an chinnteoireacht ar údaráis scoile agus éilítear orthusan oibriú go docht laistigh de na critéir.

I bhfianaise líon na scoileanna sa chás, ní féidir a chur ar fáil don Teachta, mar a thuigfidh sé gan dabht, liosta scoileanna aonair ina bhfuil deichniúr nó os a chionn sin de mhic léinn Ardteistiméireachta a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu ar fhoras míchumais foghlama, mar go bhféadfadh sonraí dá leithéid daoine aonair a shainaithint, nó bheith ina gcúis le comparáidí staitistiúla idir na scoileanna seo gan coigeartú a bheith déanta do shaintréithe ábhartha eile na mac léinn atá ar an rolla insna scoileanna seo nó dá dtorthaí foghlama. Bailítear na sonraí faoi dhíolúintíón nGaeilge atá coimeádta ag mo Roinnse trí thuairiscí Bhunachar Sonraí na nIarbhunscoileanna a dhéanann na scoileanna gach Deireadh Fómhair.

I gcás mac léinn dár dheonaigh an scoil díolúine ón nGaeilge de bharr míchumais foghlama ní chuimsíonn na tuairiscí a dhéanann na scoileanna chuig mo Roinnse sonraí faoi aon siceolaí a fruilíodh chun tacú le hiarratas an mhic léinn. Dá bhrí sin ní féidir a shainaithint ó na sonraí atá ar fáil do mo Roinnse cé hiad na hiarratasóirí a fuair teastas ó shiceolaí príobháideach chun tacú lena n-iarratais ar dhíolúine. Agus na sonraí seo á mbailiú, is iad na teangacha dá dtagraítear mar theangacha nua-aimseartha ná an Fhraincis, an Spáinnis, an Ghearmáinis agus an Iodáilis. Is ceart a nótáil go dtaifeadann na sonraí an líon mac léinn atá ag staidéar gach aon teanga nua-aimseartha ar leith ach nach dtaifeadann siad líon na mac léinn a bhfuil teanga nua-aimseartha amháin ar a laghad á staidéar acu. Baineann na sonraí seo a leanas le mic léinn a rollaíodh i mbliain deiridh na hArdteistiméireachta Bunaithe, na hArdteistiméireachta Feidhmithí agus Ghairmchlár na hArdteistiméireachta don scoilbhliain 2009/10. Tá 39 n-iarbhunscoil ann ina bhfuil deichniúr nó os a chionn sin de mhic léinn rollaithe ar na cláir Ardteistiméireachta a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu ar fhoras míchumais foghlama.

Insna 39 n-iarbhunscoil seo tá iomlán de 543 mhac léinn rollaithe ar na cláir Ardteistiméireachta a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu ar fhoras míchumais foghlama. Insna hiarbhunscoileanna ar fad tá 1,326 mhac léinn atá rollaithe ar na cláir Ardteistiméireachta, a bhfuil díolúine ón nGaeilge acu ar fhoras míchumais foghlama, agus atá rollaithe chomh maith do theanga nua-aimseartha Eorpach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.