Written answers

Tuesday, 18 May 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Caiteachas Roinne

9:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 380: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol dó go bhfuil fógra iomarcaíochta tugtha ag Glór na nGael do sheachtar dá gcuid fosaithe de bharr na héiginnteachta atá ag baint le cúrsaí maoinithe agus an gcuirfidh sé na hacmhainní cuí ar fáil sa dóigh go dtig le Glór na nGael leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre go héifeachtach. [20571/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá Glór na nGael ar cheann de 19 n-eagras deonach Gaeilge a bhí ag fáil bunmhaoiniú bliantúil ó Fhoras na Gaeilge trí sholáthar airgid a chuirtear ar fáil don Fhoras ó mo Roinn féin agus ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh.

In Aibreán 2008 chuir an Foras tús le hathbhreithniú seachtrach ar na eagraíochtaí sin le cinntiú go mbeadh an luach airgid is fearr le fáil ón gcaiteachas poiblí ar earnáil na Gaeilge sa todhchaí. Cuireadh an t-athbhreithniú i gcrích le linn 2009 agus ba é tátal na tuarascála ná go raibh roinnt roghanna éagsúla ag Foras na Gaeilge i dtaobh bhainistiú straitéiseach na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe d'fhonn sochair shuntasacha a bhaint amach i dtaca le luach ar airgead.

Ag glacadh thorthaí na tuarascála san áireamh agus an gá go ndéanfadh Bord Fhoras na Gaeilge tuilleadh breithnithe ar an tuarascáil, chomhaontaigh na hAirí ag cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar 2 Nollaig 2009 go ndéanfaí athchumrú ar bhunmhaoiniú na hearnála deonaí Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge ar an mbonn go leagfadh Foras amach tosaíochtaí straitéiseacha ard-leibhéil. Dá réir sin, bheadh iarratais mhaoinithe le lorg ag dá leibhéal sa todhchaí, eadhon:

(i) ón earnáil dheonach Ghaeilge, laistigh de na tosaíochtaí straitéiseacha, ó eagraíocht amháin (nó b'fhéidir líon teoranta eagraíochtaí), ag a mbeadh ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíochta, don earnáil go hiomlán, agus

(ii) ag an leibhéal áitiúil, ó ghrúpaí a ghlacfadh cur chuige comhtháite i ndáil le cur chun cinn na Gaeilge, lena n-airítear obair i suímh éagsúla - pobal, teaghlach, oideachas agus an óige.

Déanfaidh an t-athchumrú seo cur chuige níos éifeachtaí, níos sruthlínithe agus níos costas-éifeachtaí a chinntiú i dtaobh mhaoiniú na hearnála.

De réir chinneadh na nAirí, caithfear na socruithe nua a a aontú faoi lár 2010. Ach é sin a bheith déanta, áfach, aithinítear go tógfaidh sé tamall le haghaidh na moltaí a chuir i bhfeidhm agus, ar ndóigh, go mbeidh gá le maoiniú eatramhach do na heagraíochtaí. Tuigim ó Fhoras na Gaeilge gurb é an staid reatha ná go bhfuiltear ag cur bailchríoch le moltaí sonracha le cur os comhair chruinniú an Bhoird ar 21 Bealtaine 2010 ionas go bhféadfar cinneadh críochniúil a chur ar aghaidh chuig an dá Roinn urraíochta gan mhoill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.