Written answers

Tuesday, 11 May 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Acht na dTeangacha Oifigiúla

8:00 am

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 84: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó scéim atá aontaithe anois faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [19024/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá 101 scéim teanga céaduaire, a chlúdaíonn 186 comhlacht poiblí ar fad, daingnithe faoi alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla ó a tháinig an tAcht i bhfeidhm i 2003. Anuas ar sin, tá 30 céad scéim teanga céaduaire eile, a chlúdaíonn 35 comhlacht poiblí, á n-ullmhú. Ní miste dom a rá chomh maith go bhfuil 9 dara scéim teanga daingnithe faoi alt 15 den Acht go dtí seo agus go bhfuil fógra eisithe chuig 56 comhlacht eile faoi alt 15 den Acht ag ceangal orthu dréacht dara scéim teanga a ullmhú agus a sheoladh chugam le daingniú.

Tá plé leanúnach ar siúl idir oifigigh mo Roinn-se agus na comhlachtaí poiblí i gceist chun an próiseas maidir le haontú agus daingniú a gcuid scéimeanna a thabhairt chun ceann scríbe a luaithe agus is féidir. Táim dóchasach go n-éireoidh linn roinnt mhaith de na scéimeanna sin a dhaingniú i rith na bliana seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.