Written answers

Tuesday, 11 May 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

8:00 am

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 76: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh díospóireacht ann sa Dáil ar an Straitéis 20 Bliain don Gaeilge roimh shos an tSamhraidh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.. [19021/10]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 80: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mó cruinniú den Fhochoiste Rialtais don Ghaeilge a bhí ann in 2010. [19022/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 76 agus 80 le chéile.

Mar is eol don Teachta, tá an dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe ag an Rialtas agus curtha os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breithniú. Tuigim go bhfuil an Comhchoiste tar éis roinnt cruinnithe a thionól le grúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta chun deis a thabhairt dóibh a gcuid tuairimí a chur in iúl. Tá mé ag súil le toradh an phlé a rinne an Comhchoiste a fháil in am tráth. Sa chomhthéacs sin, níor tionóladh aon chruinniú don Choiste Rialtais i 2010 go dáta.

Maidir leis an gceist faoi dhíospóireacht a bheith sa Dáil faoin Straitéis, cé go mbeinn lán-oscailte dá leithéid, tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gur gnó é sin don Dáil féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.