Written answers

Tuesday, 11 May 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Clár Reachtaíochta

8:00 am

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 66: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh reachtaíocht á foilsiú ag an Rialtas ar shainmhíniú nua ar cad is Gaeltacht ann agus ar athruithe ar theorainneacha na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [19023/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar is eol don Teachta, tá an dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge foilsithe ag an Rialtas agus tá sí faoi láthair idir chamáin ag an gComhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaín, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breithniú. Tuigtear dom go bhfuil an Comhchoiste ag déanamh scrúdú ar na saincheisteanna éagsúla atá tagtha chun cinn - ceist na Gaeltachta san áireamh. Tá mé ag súil le tuairisc ón gComhchoiste in am tráth.

Mar a thuigfidh an Teachta, go dtí go mbeidh an próiseas críochnaithe ag an gComhchoiste agus an Straitéis críochnúil glactha ag an Rialtas, níl sé ar mo chumas aon chinneadh a ghlacadh i ndáil le reachtaíocht maidir le sainmhíniú ná teorainneacha na Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.