Written answers

Tuesday, 11 May 2010

Department of Education and Science

An Coimisiún um Chóiríocht Scoile

8:00 am

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 399: To ask the Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna cén uair go díreach a bheas an Coimisiún um Chóiríocht Scoile ag tuairisciú di maidir leis an mbreithniú ar nósanna imeachta nua a bhaineann le bunscoileanna nua a bhunú; an gcuirfear teanga na scoile san áireamh go dearfach sna nósanna imeachta nua seo do bhunú bunscoileanna nua i gcomhthéacs Bhunreacht na hÉireann, ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, agus ghealltanas an Chomhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go leanfaí leis an tacaíocht do scoileanna lán-Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19198/10]

Photo of Caoimhghín Ó CaoláinCaoimhghín Ó Caoláin (Cavan-Monaghan, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 400: To ask the Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nár tugadh aitheantas do Ghaelscoil Ráth Tó i Meán Fómhair 2010 nuair nach bhfuil sé de chumas ag na scoileanna atá sa cheantar cheana féin i limistéar Ráth Tó, limistéar a aithníodh lena leathnú de réir critéir Rannóg Pleanála Chun Cinn na Roinne Oideachais agus Scileanna, freastal a dhéanamh ar mhian Bhunreachtúil na dtuismitheoirí mar phríomhoideachasóirí a bpáistí, chun oideachas lánGhaeilge a sholáthar dá bpáistí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19199/10]

Photo of Mary CoughlanMary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé ar intinn agam Ceisteanna Uimh. 399 agus 400, a fhreagairt le chéile.

Tá an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna chun tuairisc a chur faoi mo bhráid go gairid maidir leis an athbhreithniú ar na nósanna imeachta do bhunscoileanna a bhunú. I measc na gceisteanna atá faoi chaibidil mar chuid den athbhreithniú tá tábhacht na Gaeilge, ceist na héagsúlachta agus an chaoi ina bhfuil an Ghaeilge ina bealach chun éagsúlacht a chur ar fáil. Tar éis don tuairisc a bheith ullmhaithe beidh orm ceisteanna polasaí agus socruithe riachtanacha a bhreithniú agus a chinneadh céard iad na nósanna imeachta úra a bheidh le cur ar bun. Breithneofar sa chomhthéacs seo caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge trí Ghaelscoileanna a bhunú. Is féidir liom a dheimhniú don Teachta go bhfuil ról maighdeogach le himirt ag an mbunscolaíocht i gcaomhnú agus i leathnú na céad teanga oifigiúla. Bhí cur chun cinn na Gaeilge ina haidhm mhór ariamh ag Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile agus cosnaíodh i gcónaí a hionad sa chóras oideachais. Comhartha air seo an chaoi inar aithníodh líon suntasach Gaelscoileanna nua le blianta beaga anuas – 17 ar fad ó 2005 i leith.

Tá staidéar ar an dtír déanta ag Rannóg Pleanála Chun Cinn mo Roinnse chun a fháil amach céard iad na ceantair ina bhféadfadh gá a bheith le cuid mhaith cóiríocht breise de bharr athruithe deimeagrafacha insna blianta amach romhainn. I ndiaidh na mionanailíse seo ba léir gur den chríonnacht é pleanáil chun scoileanna nua a bhunú a thosnódh ag obair i Meán Fómhair 2010 chun freastal ar an éileamh méadaitheach i gceantair shainaitheanta áirithe. Rinneadh pléanna mionsonraithe i rith 2009 leis na pátrúin go léir maidir leis na ceantair a bhí faoi chaibidil. Maidir leis an gcuid is mó de na ceantair seo ba é tuairim ghluaiseacht na nGaelscoileanna nár leor an t-éileamh breise ar sholáthar trí Ghaeilge chun bunú Gaelscoile nua a bharántú.

Rinneadh iarratas sainiúil ar Ghaelscoil nua a bhunú i Ráth Tó, Co na Mí. Ach tar éis anailíse mionsonraithe ar an méadú ar líon na ndaltaí i Meán Fómhair i mbliana agus ar chumas na scoileanna atá ann cheana, ba léir nár ghá scoil nua a bhunú chun riar ar an bhfás deimeagrafach. Bhí mo Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an méadú réamheasta deimeagrafach i Meán Fómhair 2010. Athbhreithneofar an cás seo roimh Meán Fómhair 2011 i bhfianaise na riachtanas agus na bpléanna leis na comhlachtaí pátrúnachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.