Written answers

Wednesday, 5 May 2010

Department of Education and Science

Gaelscoileanna

9:00 pm

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 401: To ask the Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna ós rud é go ndeir sí féin go bhfuil ról maighdeogach le himirt ag an mbunscolaíocht i gcaomhnú agus i leathnú an chéad teanga oifigiúil is í sin an Ghaeilge, cén fáth nach bhfuil aitheantas tugtha d'oiread agus bunscoil lánGhaeilge amháin ó Mheán Fómhair 2008, d'ainneoin go bhfuil Ráth Tó aitheanta ag Rannóg Pleanála Chun Cinn na Roinne Oideachais agus Scileanna féin mar cheantar ar leith go bhfuil riachtanas ann freagairt d'arduithe déimeagrafacha agus go raibh patrún ag iarraidh gaelscoil a oscailt ar an láthair sa cheantar; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17840/10]

Photo of Brian HayesBrian Hayes (Dublin South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 402: To ask the Tánaiste agus Aire Oideachais agus Scileanna conas gur féidir léi a rá gur léir nár ghá scoil nua a bhunú agus go bhfuil a Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an méadú réamh-mheasta déimeagrafach i Meán Fómhair 2010, i gceantar Ráth Tó nuair is é mian na dtuismitheoirí sa cheantar go ndéanfaí oideachas a bpáistí a riaradh trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil gaelscoil sa cheantar agus gur dhiúltaigh a Roinnse aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó le hoscailt i Meán Fómhair 2010, d'ainneoin gur aithníodh Ráth Tó mar cheann de na limistéir aitheanta ar leith go bhfuil éileamh ardaithe ann ar bhunú bunscoileanna a rachadh i mbun feidhmíochta i Meán Fómhair 2010 de réir anailís mhionshonraithe Rannóg Pleanála Chun Cinn na Roinne Oideachais agus Scileanna féin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17841/10]

Photo of Mary CoughlanMary Coughlan (Donegal South West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I propose to take Questions Nos. 401 and 402 together.

Tá ról maighdeogach le himirt ag an mbunscolaíocht i gcaomhnú agus i leathnú na céad teanga oifigiúla. Bhí cur chun cinn na Gaeilge ina haidhm mhór ariamh ag Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile agus cosnaíodh i gcónaí a hionad sa chóras oideachais. Comhartha air seo an chaoi inar aithníodh líon suntasach Gaelscoileanna nua le blianta beaga anuas – 17 ar fad ó 2005 i leith.

Bhféidir go bhfuil sé le fios ag an dTeachta go bhfuil an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna ag athbhreithniú faoi láthair na nósanna imeachta do bhunscoileanna a bhunú. Nuair a d'fhógair mo réamhtheachtaí go raibh an t-athbhreithniú á thosnú dúirt sé nach mbunófaí bunscoileanna nua ar bith sula mbeadh an t-athbhreithniú curtha i gcrích agus nósanna imeachta nua curtha ar bun, ach amháin in áiteanna inar cheart scoileanna nua de bharr fás a bheith tagtha ar an daonra. De réir na socruithe eatramhacha atá i bhfeidhm maidir le haitheantas a thabhairt do bhunscoileanna nua fad is atá an t-athbhreithniú ar na nósanna imeachta ar siúl, is cóir do Chathaoirleach an Choimisiúin um Chóiríocht Scoileanna comhairle a chur ar an tAire i gcásanna ina gcuireann níos mó ná pátrún amháin in iúl gur mian leis scoileanna a oscailt in áiteanna inar gá scoileanna nua de bharr fás a bheith tagtha ar an daonra.

Tá staidéar mar gheall ar an dtír déanta ag an Rannóg Pleanála Chun Cinn chun a fháil amach céard iad na ceantair inar fhéadfadh gá a bheith le cuid mhaith cóiríocht breise insna blianta amach romhainn. Thug an staidéar seo le fios nach raibh gá ar bith le scoileanna nua sa scoilbhliain 2009/10 de bharr athruithe a bheith tagtha ar an daonra. Ní hionann sin is a rá nár tháinig méadú ar an gcohórt freastal scoile i gceantair áirithe. Tar éis na hanailíse mionsonraithe seo ba léir go mba chríonna an rud é pleanáil a dhéanamh do bhunú scoileanna nua, a thosnódh ag obair i Meán Fómhair 2010, chun riar ar éileamh méadaitheach i gceantair sainaitheanta áirithe. Bhí comhairliúchán mionsonraithe ann i rith 2009 leis na pátrúin go léir maidir leis na ceantair a bhí á machnamh. I gcás formhór na gceantar seo ba í tuairim lucht na gluaiseachta Gaelscoileanna nár leor an t-éileamh breise ar sholáthar lán-Ghaelach chun údar maith a bheith le bunú Gaelscoile nua.

Rinneadh iarratas sainiúil ar bhunú Gaelscoile i Ráth Tó, Co na Mí. Tar éis anailíse mionsonraithe ar an méadú i líon na ndaltaí i Meán Fómhair na bliana seo, agus ar chumas na scoileanna atá ann, áfach, ba léir nár ghá scoil nua a bhunú chun riar ar an bhfás deimeagrafach. Bhí mo Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an méadú réamheasta deimeagrafach i Meán Fómhair 2010. Déanfar athbhreithniú ar an scéal roimh Mean Fómhair 2011 ag tógaint cúrsáí riachtanais san áireamh agus taréis dul i gcomhairle leis na comhluchtaí patrúnachais.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.