Written answers

Thursday, 1 April 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hOileáin

4:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 48: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta an bhfuil aon iarratas faighte ina Roinn maidir le soilse poiblí a chur ar fáil ar na céanna ar na hOileáin seo, Inis Oirthir, Gabhla, an tOileán Rua, Inis Meáin, Oileán Uaighe agus Inis Caorach, cad é costas measta na soilse agus an gcuirfidh sé an t-airgead ar fáil leis na soilse a thógáil, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina dtaobh. [14061/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá iarratas faighte ag mo Roinn le gairid ó Ancaire, Comharchumann na nOileán Beag i gContae Dhún na nGall, chun deontas a cheadú i gcomhar soilse poiblí a chur ar fáil ar na céanna atá luaite ag an Teachta. Tá costas measta de €84,500 tugtha i leith na hoibre seo. Déanfar an t-iarratas seo a mheas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil ag mo Roinn i gcomhar feabhsúcháin den chineál seo in 2010, ag tógáil san áireamh geallúintí agus tosaíochtaí atá ar láimh cheana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.