Written answers

Thursday, 1 April 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Teorainneacha Gaeltachta

4:00 am

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 35: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an reachtaíocht ar an sainmhíniú nua ar an rud is Gaeltacht ann agus ar theorainneacha na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14282/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá an dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge faoi bhráid an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi láthair. Cuimsíonn an dréacht-Straitéis seo forbairt córais pleanála teanga chuimsithigh ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht agus moltar inti go mbeidh stádas na Gaeltachta bunaithe ar chritéir teanga. Nuair a bheidh obair an Chomhchoiste thart agus tuairisc faighte ar ais uaidh, tá súil agam an dréacht-Straitéis, agus í leasaithe más cuí, a thabhairt faoi bhráid an Rialtais le ceadú. Is sa chomhthéacs sin a dhéanfar cinnithe maidir leis an gcineál reachtaíochta atá luaite ag an Teachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.