Written answers

Thursday, 1 April 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Gramadach na Gaeilge

4:00 am

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 25: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na teagmhálacha a bhí aige le hoifigigh sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le gramadach na Gaeilge a shimpliú chun cabhrú le daltaí scoile an Ghaeilge a labhairt go luath ina saol scoile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14283/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi mar is eol don Teachta, tá cinneadh déanta go ndéanfar Athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil agus is féidir liom a chinntiú go dtionólfar an chéad chruinniú inniu den Choiste Stiúrtha atá bunaithe chun próiseas an athbhreithnithe sin a thabhairt chun cinn. Ghlac an Rialtas cinneadh maidir leis seo i mí na Samhna 2008 mar chuid de bhunú an Lár-Aonaid Aistriúcháin i mo Roinn féin. Beidh duine ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta ainmnithe ar an gCoiste seo.

Tá comhaontú forleathan ann gur gá an Caighdeán a athbhreithniú lena chinntiú go mbeidh sé fós in ann freastal ar riachtanais na teanga amach anseo. Tá mo Roinnse ag súil go mór le bheith ag obair leis na páirtithe leasmhara ar fad, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta san áireamh, leis an sprioc seo a bhaint amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.