Written answers
Tuesday, 30 March 2010
Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs
Forbairt Pobal
11:00 pm
Eamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context
Question 306: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil dul chun cinn ar bith déanta maidir le hiarratas ó Chomhairle Contae Dhún na nGall chun airgead a fháil le soilsiú poiblí breise a chur ar fáil ar bhealach réigiúnach Anagaire Thiar in aice le hÓstán an Chaisleáin Óir in Anagaire; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. Ní mór a nótáil go mbaineann freagracht i leith an ábhair atá luaite ag an Teachta le Comhairle Contae Dhún na nGall ar an gcéad dul síos. [13682/10]
Pat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Ón mbliain 2002, tá os cionn €2 milliún i ndeontais ceadaithe ag mo Roinn faoi Scéim na mBóithre Straitéiseacha Gaeltachta chun feabhas a chur ar an bhóthar a fhreastalann ar Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall ar an Charraig Fhinn. Déanfar an cheist maidir le deontais bhreise a cheadú faoin scéim in 2010 a mheas i gcomhthéacs an tsoláthair airgid atá ar fáil chun na críche seo, ag tógáil san áireamh geallúintí agus tosaíochtaí atá ar láimh cheana.
No comments