Written answers

Thursday, 25 February 2010

Department of Education and Science

Aitheantais Scoile

5:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 200: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach bhfuil Gaelscoil ar bith sa liosta de seacht scoil nua ar fhógair sé le déanaí go mbeidís oscailte i Meán Fómhair na bliana seo. [9723/10]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 201: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth nach bhfuil aitheantas cuí tugtha do Ghaelscoil Ráth Tó, Contae na Mí, in ainneoin é a bheith aitheanta aige roimhe seo mar cheantar a bhfuil gá le scoil nua ann. [9724/10]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 202: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cad iad na céimeanna atá glactha ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun éileamh don Ghaelscolaíocht a chruthú agus a chothú mórthimpeall na tíre le 10 mbliana anuas. [9725/10]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 203: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta cén fáth a bhfuil tromaíocht de shíor á déanamh ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar choistí áitiúla Gaelscolaíochta atá faoi riar an Fhorais Pátrúnachta agus an eagrais Gaelscoileanna, agus ar eagrais eile ó bunaíodh an Stát. [9726/10]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 204: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta ad é an critéar a d'úsáid an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun na seacht scoil Bhéarla a roghnú le hoscailt i mí Mheán Fómhair na bliana seo thar na Gaelscoileanna ar diúltaíodh aitheantas dóibh. [9727/10]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Question 205: To ask the Aire Oideachais agus Eolaíochta an dtuigeann sé nár cheadaigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta aon Ghaelscoil nua i 2009 agus arís i mbliana agus dá réir sin go síleann na heagrais atá ag gníomhú ar son na Gaelscolaíochta go bhfuil leatrom á imirt orthu agus ar na tuismitheoirí atá ag éileamh Gaelscolaíochta dá bpáistí; agus an bhfuil na cinntí seo ag teacht salach ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. [9728/10]

Photo of Batt O'KeeffeBatt O'Keeffe (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá i gceist agam Ceisteanna Uimhir 200 go Uimhir 205 a thógáil le chéile.

Tá ról maighdeogach le himirt ag an mbunscolaíocht i gcaomhnú agus i leathnú na céad teanga oifigiúla. Bhí cur chun cinn na Gaeilge ina haidhm mhór ariamh ag Rialtais na hÉireann i ndiaidh a chéile agus cosnaíodh i gcónaí a hionad sa chóras oideachais. Comhartha air seo an chaoi inar aithníodh líon suntasach Gaelscoileanna nua le blianta beaga anuas – 17 ar fad ó 2005 i leith.

Is féidir gur eol don Teachta go bhfuil an Coimisiún um Chóiríocht Scoileanna ag athbhreithniú faoi láthair na nósanna imeachta do bhunscoileanna a bhunú. Nuair a d'fhógair mé go raibh an t-athbhreithniú á thosnú dúirt mé nach mbunófaí bunscoileanna nua ar bith sula mbeadh an t-athbhreithniú curtha i gcrích agus nósanna imeachta nua curtha ar bun, ach amháin in áiteanna inar cheart scoileanna nua de bharr fás a bheith tagtha ar an daonra. De réir na socruithe eatramhacha atá i bhfeidhm maidir le haitheantas a thabhairt do bhunscoileanna nua fad is atá an t-athbhreithniú ar na nósanna imeachta ar siúl, is cóir do Chathaoirleach an Choimisiúin um Chóiríocht Scoileanna comhairle a chur ormsa i gcásanna ina gcuireann níos mó ná pátrún amháin in iúl gur mian leis scoileanna a oscailt in áiteanna inar gá scoileanna nua de bharr fás a bheith tagtha ar an daonra.

Tá staidéar mar gheall ar an dtír déanta ag an Rannóg Pleanála Chun Cinn chun a fháil amach céard iad na ceantair inar fhéadfadh gá a bheith le cuid mhaith cóiríocht breise insna blianta amach romhainn. Thug an staidéar seo le fios nach raibh gá ar bith le scoileanna nua sa scoilbhliain 2009/10 de bharr athruithe a bheith tagtha ar an daonra. Ní hionann sin is a rá nár tháinig méadú ar an gcohórt freastal scoile i gceantair áirithe. Tar éis na hanailíse mionsonraithe seo ba léir go mba chríonna an rud é pleanáil a dhéanamh do bhunú scoileanna nua, a thosnódh ag obair i Meán Fómhair 2010, chun riar ar éileamh méadaitheach i gceantair sainaitheanta áirithe. Bhí comhairliúchán mionsonraithe ann i rith 2009 leis na pátrúin go léir maidir leis na ceantair a bhí á machnamh. I gcás formhór na gceantar seo ba í tuairim lucht na gluaiseachta Gaelscoileanna nár leor an t-éileamh breise ar sholáthar lán-Ghaelach chun údar maith a bheith le bunú Gaelscoile nua.

Rinneadh iarratas sainiúil ar bhunú Gaelscoile i Ráth Tó, Co na Mí. Tar éis anailíse mionsonraithe ar an méadú i líon na ndaltaí i Meán Fómhair na bliana seo, agus ar chumas na scoileanna atá ann, áfach, ba léir nár ghá scoil nua a bhunú chun riar ar an bhfás deimeagrafach. Bhí mo Roinnse deimhin de gur féidir leis na scoileanna atá ann riar ar an méadú réamheasta deimeagrafach i Meán Fómhair 2010.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.