Written answers

Tuesday, 23 February 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Maoiniú Ranna

9:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 325: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh airgead á chur ar fáil i mbliana do bhóithre áise ar Oileán Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8862/10]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl cinneadh críochnúil déanta go fóill maidir leis an méid sonrach airgid a bheidh ar fáil le caitheamh ar bhóithre áise sa Ghaeltacht in 2010, i gcomhthéacs na n-éileamh caipitil uile a mbeidh freastal le déanamh orthu sa Ghaeltacht trí chéile. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, beidh se riachtanach díriú i dtosach ar cheadúcháin atá déanta cheana, ach nach bhfuil íoctha go fóill, a ghlanadh.

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 326: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta chun foirgnimh feithimh do phaisinéirí atá ag taisteal ar na báid farantóireachta a sholáthar ag Cé Ailt an Chorráin agus ag Cé Leadhb Gharbh, Oileán Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8863/10]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is le Comhairle Contae Dhún na nGall na saoráidí atá luaite ag an Teachta agus níl aon iarratas ar láimh ag mo Roinn chun foirgnimh feithimh do phaisinéirí a chur ar fáil ag na hionaid sin. Ach iarratas ina leith a fháil ón Chomhairle Contae, beifear sásta an cás a mheas tuilleadh, ag tógáil san áireamh an soláthar iomlán airgid atá ag mo Roinn i gcomhar fhorbairt oileán in 2010 agus na héilimh éagsúla ar an soláthar sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.