Written answers

Thursday, 18 February 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Straitéis 20 Bliain

5:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 18: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta go bhfuil díospóireacht leathan phoiblí ar siúl i leith na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh [8358/10]

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 20: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén clár ama atá aige maidir leis an dréacht deiridh den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fhoilsiú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8357/10]

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 27: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aon chinneadh déanta aige leasuithe a dhéanamh ar an Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8359/10]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 18, 20, agus 27 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, tá an dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge foilsithe ag an Rialtas agus curtha os chomhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breithniú.

Tuigim gur pléadh an dréacht-Straitéis ag cruinniú den Chomhchoiste ar 20 Eanáir 2010, nuair a tugadh cuireadh d'eagraíochtaí áirithe Gaeilge a dtuairimí a chur in iúl. Tuigim freisin go mbeidh cruinniú eile den Chomhchoiste á tionól i nGaeltacht na Gaillimhe ar 26 Feabhra agus go bhfuil cuireadh tugadh d'eagraíochtaí Gaeltachta teacht os a chomhair.

Is é mo thuairim ná gur céim shuntasach eile í seo sa phróiseas leathan comhairliúchán atá curtha ar bun maidir leis an ndréacht-Straitéis seo. Go nuige seo, reáchtáladh dhá shraith de chruinnithe poiblí ar fud na tíre, chomh maith le suirbhé ar-líne agus teagmhálacha díreacha le páirtithe leasmhara sna hearnálacha poiblí agus deonacha. Tuigtear dom gur féidir teagmháil a dhéanamh leis an gComhchoiste go díreach má tá tuairimí nó moltaí ag eagraíochtaí nó daoine maidir leis an ndréacht-Straitéis.

Mar a thuigfidh na Teachtaí, go dtí go mbeidh an próiseas breithnithe tugtha chun críche ag an gComhchoiste, ní bheadh sé cuí domsa aon chinnithe a ghlacadh maidir le leasuithe ar an ndréacht-Straitéis a mheas, ná clár ama a shonrú maidir le foilsiú na Straitéise féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.