Written answers

Thursday, 18 February 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

State Agencies

5:00 pm

Photo of Eamon GilmoreEamon Gilmore (Dún Laoghaire, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 16: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil nascadh foirmeálta idir Údarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta i bhfeidhm anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8360/10]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá nasc foirmeálta idir Údarás na Gaeltachta agus MFG Teo cheana sa mhéid is go bhfuil ceathrar comhalta agus feidhmeannach amháin ag an Údarás ar Bhord MFG Teo. Mar chuid de phróiseas chun a chinntiú go bhfuil gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta agus MFG Teo araon á gcur i bhfeidhm ar an mbealach is éifeachtaí maidir le seirbhísí a sheachadadh do phobal na Gaeltachta agus luach ar airgead a thabhairt, shocraigh mé na cúraimí a bhí ar MFG Teo i ndáil leis an Scéim Shóisialta Tuaithe sa Ghaeltacht a aistriú go dtí Údarás na Gaeltachta i mí Iúil 2009.

I láthair na huaire, tá athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ag mo Roinnse ar na socruithe reatha atá i bhfeidhm maidir le struchtúr agus maoiniú na n-eagraíochtaí difriúla atá ag plé le gnéithe éagsúla den fhorbairt pobail sa Ghaeltacht, ar a n-áirítear ach go háirithe an fhorbairt pobail féin, an fhiontraíocht phobail, an cuimsiú sóisialta agus an phleanáil teanga. Tá ról MFG Teo i ndáil leis na gníomhaíochtaí seo sa todhchaí á meas sa chomhthéacs seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.