Written answers

Thursday, 18 February 2010

Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs

Gaeltacht na nDéise

5:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 14: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén cinneadh atá déanta aige i leith mhaoiniú an Phlean Forbartha Teanga do Ghaeltacht na nDéise; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8362/10]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick East, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 21: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a chuirfear áisitheoir pobail in áit i nGaeltacht na nDéise; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8363/10]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 14 agus 21 le chéile.

Ar mhaithe le héifeacht agus comhthathú seirbhísí sa Ghaeltacht, tá cinneadh polasaí déanta agam aitheantas a thabhairt do phríomh-eagraíochtaí forbartha pobalbhunaithe a mbeidh ceantair fheidhme shoiléire acu sna ceantair Ghaeltachta éagsúla. Is iad na príomh-chúraimí a bheidh ar na heagraíochtaí pobalbhunaithe seo ná cláir oibre a fheidhmiú ina gceantair a chuimseoidh forbairt pobail, fiontraíocht phobail, an cuimsiú sóisialta agus an phleanáil teanga. Is é bunsprioc an pholasaí seo ná go mbeidh eagraíocht phobalbhunaithe amháin i ngach ceantar aiceanta Gaeltachta ag feidhmiú go héífeachtach agus á maoiniú ag an Stát dá réir. Ar ndóigh, beidh an Ghaeilge fite fuaite leis na réimsí éagsúla seo agus beidh earnáil na pleanála teanga criticiúil sa phróiseas i gcoitinne.

Maidir leis Na Déise, tháinig deireadh le scéim phíolótach pleanála teanga a bhí i bhfeidhm i nGaeltacht na nDéise agus maoinithe ag mo Roinnse ag deireadh 2009. Tuigim go bhfuil maoiniú ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta do Chomhlacht Forbartha na nDéise mar chúnamh dóibh chun Oifigeach Forbartha a fhostú i nGaeltacht Phort Láirge chun plean forbartha an chomhlachta a chur i bhfeidhm sna míonna amach romhainn.

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá an dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge foilsithe ag an Rialtas agus faoi bhráid an Chomhchoiste um Gnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi láthair. Cuimsíonn an dréacht-Straitéis forbairt na pleanála teanga ar bhonn córasach agus cuimsitheach ag leibhéal pobail sa Ghaeltacht agus moltar ann go mbeidh stádas na Gaeltachta sa todhchaí bunaithe ar chritéir teanga. Tá sé i gceist, sa chomhthéacs sin, go mbeidh plean teanga ag gach ceantar Gaeltachta, Gaeltacht na nDéise ina measc, a thabharfaidh tosaíocht do ghníomhaíochtaí pleanála teanga a bhfuil gá leo le háit na Gaeilge mar theanga an phobail a chinntiú. Nuair a bheidh obair an Chomhchoiste curtha i gcrích, tá sé i gceist agam an dréacht-Straitéis a chur faoi bhráid an Rialtais le ceadú go críochnaitheach. Déanfar tuilleadh forbartha ar an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht i gcoitinne i gcomhthéacs na Straitéise sin amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.